Wednesday, December 13, 2006

Gluaisteain, bus agus traein

Dia dhaoibh a leitheoir,

S'e an coras iompar ata san abhair diospoireachta dhuinn inniu agus go hairid tionchar ár slithe beatha ar an t-imshaol. De reir 's a ta mise ag feiceail, ta go leor rudai ar siul o thaobh an imshaoil de sa saol seo, ach ta cuid mhor diobh diultach. Ma chaithimid suil ar cuid dena rudai sin, ta na modhanna iompair a bhionns muid ag usaid ar cheann dena habhair imni is mo ata ann.

Gach la, agus mise ar an mbealach chuig an obair agam, feicim an chuid daoine sna carranna acu, ag dul go'n obair, agus gan ach duine amhain taobh thiar an rotha. Agus, chomh maith leis sin uilig, is an-mhinic a fheicimse duine amhain ina shuidhe i ngluaisteain 4x4.

An bhfuil na daoine sin ina namadan cearta? No, an e go bhfuil mise theis an pointe a chailleadh?

Is abhar imni e, dairíre, go bhfuil an t-imshaol theis imeacht as an spot-sholas dho go leor daoine agus biodh muid ag suil le go bfhaighe na commutairs sin athru meoin, agus sin ar an da luas.

Seo dhaoibh abhar smaointe don la ata romhainn.

Slán,

R.R.

Wednesday, August 23, 2006

Seirbhisi as Gaeilge

Is e taithi an scribhneoira go bhfuil an triobloid is mo a bhainneanns le husaid, agus mar thoradh, le spreagadh usaide na Gaeilge, go gcaithfidh tu iarracht a dheanamh chun freagra a fhail i nGaeilge. Cloiseamid moran cainte faoi ce chomh tabhachtach is ata, an Ghaeilge a spreagadh i measc na ndaoine agus na haoise oige, ach mar is minice, n'uair a mbionn tu ag iarraidh focal no dha a ra le daoine, go mbionn an fhreagra mionghaire naireach no go simpli Bearla.

Dar liomsa go gcuireann se sin le crionadh na teanga. 'S e an rud ata de dhith ar gach foghlaimeor teangan, na duine eicinte ata a) ablta an teanga a labhairt ar bheallach eifeachtach agus i gceart; agus b) a bhfuil an oiread foighneacht aige/aice chun eisteacht leis an bhfoghlaimeor agus gan naire a chuir ar an duine bocht.

Thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge ta piosa fada o shin, agus b'e an rud a chuir an oiread is mo dua orm i rith phroiseas na foghlama dhomsa na da cineal daoine:

a) cineal a haon, an duine ata Gaeilge aige cheana agus ar mhaith leis a thaispaint go bhfuil an Ghaeilge aigesean chomh bhinn liofa sin, nach bhfuil se d'aon mhaithe leis a bheith ag caint le duine eicinte chomh mi-thabhachtach leatsa. Oh, cinnte, gheobhaidh tu an corrfhocal speaguil, an "conas ata tu?" agus an "go raibh maith agat". Ba shin deireadh an sceil;

b) cineal a da, an duine ata chomh liofa sin (agus ta go leor cainteori duchais ina measc siud) nach ndeanann siad iarracht ar bith a chaint leat oir ta cainteoiri duchais iad agus muna bhfuil tu sasta an teanga a fhoghlaim i gceart, b'fhearr duit bheith ag caint as Bearla.

Peist an fhoghlaimeora na daoine sin. Da mba rud e, go mbeadh nios mo daoine saste beagan foighneacht a thaispeant don fhoghlaimeoir, b'fheidir go mbeadh nios mo Gaeilge a labhairt ar feadh na tire ar fad.

R.R.

Saol na Gaeilge

Dia daoibh agus failte romhaibh chuig Saol na Gaeilge, blag seachtainuil a chuireanns rudai tabhachtacha o shaol na Gaeilge faoi bhur mbraid. Ta suil agam go mbainnfaidh sibh sult agus taithneamh as.

Le gach dea-mhein,

R.R.