Wednesday, August 23, 2006

Seirbhisi as Gaeilge

Is e taithi an scribhneoira go bhfuil an triobloid is mo a bhainneanns le husaid, agus mar thoradh, le spreagadh usaide na Gaeilge, go gcaithfidh tu iarracht a dheanamh chun freagra a fhail i nGaeilge. Cloiseamid moran cainte faoi ce chomh tabhachtach is ata, an Ghaeilge a spreagadh i measc na ndaoine agus na haoise oige, ach mar is minice, n'uair a mbionn tu ag iarraidh focal no dha a ra le daoine, go mbionn an fhreagra mionghaire naireach no go simpli Bearla.

Dar liomsa go gcuireann se sin le crionadh na teanga. 'S e an rud ata de dhith ar gach foghlaimeor teangan, na duine eicinte ata a) ablta an teanga a labhairt ar bheallach eifeachtach agus i gceart; agus b) a bhfuil an oiread foighneacht aige/aice chun eisteacht leis an bhfoghlaimeor agus gan naire a chuir ar an duine bocht.

Thosaigh mise ag foghlaim na Gaeilge ta piosa fada o shin, agus b'e an rud a chuir an oiread is mo dua orm i rith phroiseas na foghlama dhomsa na da cineal daoine:

a) cineal a haon, an duine ata Gaeilge aige cheana agus ar mhaith leis a thaispaint go bhfuil an Ghaeilge aigesean chomh bhinn liofa sin, nach bhfuil se d'aon mhaithe leis a bheith ag caint le duine eicinte chomh mi-thabhachtach leatsa. Oh, cinnte, gheobhaidh tu an corrfhocal speaguil, an "conas ata tu?" agus an "go raibh maith agat". Ba shin deireadh an sceil;

b) cineal a da, an duine ata chomh liofa sin (agus ta go leor cainteori duchais ina measc siud) nach ndeanann siad iarracht ar bith a chaint leat oir ta cainteoiri duchais iad agus muna bhfuil tu sasta an teanga a fhoghlaim i gceart, b'fhearr duit bheith ag caint as Bearla.

Peist an fhoghlaimeora na daoine sin. Da mba rud e, go mbeadh nios mo daoine saste beagan foighneacht a thaispeant don fhoghlaimeoir, b'fheidir go mbeadh nios mo Gaeilge a labhairt ar feadh na tire ar fad.

R.R.

Saol na Gaeilge

Dia daoibh agus failte romhaibh chuig Saol na Gaeilge, blag seachtainuil a chuireanns rudai tabhachtacha o shaol na Gaeilge faoi bhur mbraid. Ta suil agam go mbainnfaidh sibh sult agus taithneamh as.

Le gach dea-mhein,

R.R.